ST. DAVID'S (Live)
  • Home
  • Extension and Refurbishment
  • Our School
  • For Teachers
    • Teacher Login
  • For Parents
    • Policies >
      • Acceptable Use Policy
      • Admissions Policy
      • Anti Bullying Policy
      • Code of Behaviour Policy
      • Child Protection Policy
      • Covid-19
      • Critical Incident Policy
      • Health and Safety Statement
      • Homework Policy
      • Special Education Needs Policy
    • Parents Information (Info Evenings and CBAs)
    • Parent Login
    • Principal's Address
    • Curriculum 2019/2020
    • Whole School Evaluation 2015
    • Booklist 2020/2021
    • School Uniform 2020/2021
    • Academic Calendar 2020/2021
  • For Students
    • Extracurricular
    • Student Council
  • Contact
  • School News
  • Guidance
  • Parents' Association
  • Transition Year
    • Transition Year
    • TY Calendar

Turas chun na Gaeltachta 2018

10/1/2018

 
Picture
Picture
Picture

Go luath ar maidin Déaradaoin ar an 27 Meán Fómhair bhailigh grúpa daltaí ón gcúigiú agus ón séú bliain le chéile i mbialann na scoile. Bhí siad ar bís don turas go dtí an Ghaeltacht i nGaillimh. Thosaigh siad an t-aistear le bus agus traein go staisiún na Gaillimhe agus bus eile amach go dtí an Cheathrú Rua.
Nuair a shroich na scoláirí Acadamh na hOllscoile ar an gCeathrú Rua bhí rang cainte acu le Máire. Rinne siad píosa cainte faoin turas aniar le Máire agus bhí siad breá sásta. Thug gach duine agahaidh ar na tithe agus chas siad le bean an tí le dinnéar a bheith acu.

An oíche sin bhí tráth na gceist acu, bhí Tom iontach mar fhear an tí ag cur ceisteanna agus ag ceartú na bhfreagraí. Bhuaigh Ellie, Katie, Aisha, Niamh agus Sarah cúpla t-léine sa tráth na gceist. Bhí iomaíocht mhór idir na grúpaí! Tar éis na hoíche bhí siad tuirseach traochta agus bhí siad an-sásta cupán tae agus an leaba a fheiceáil an oíche sin.

Maidin Dé hAoine dhúisigh na daltaí agus iad ag caint Gaeilge le chéile ag an mbord don bhricfeasta. Ar aghaidh leo go dtí na ranganna ar feadh cúpla uair a chloig. Bhí ranganna agus lón acu agus i ndiaidh an lóin chuaigh gach duine ar siúlóid dúlra go dtí an trá. Bhí toraíocht taisce acu agus bhí orthu pictiúir a ghlacadh agus nótaí a thógáil. Bhain siad an-taitneamh as an tsiúlóid. Shiúil siad chomh fada le trá an dóilín agus chaith siad píosa ag spraoi le liathróid agus ag féachaint sna locháin. Bhí siad stiúgtha leis an ocras tar éis aeir úir Chonamara!

An oíche sin bhí céilí agus amhránaíocht ar siúl. Rinne siad damhsa céilí - Ballaí Luimnigh, Ionsaí na hInse agus Cur Crúb ar an Asal. Chomh maith leis sin chan siad amhrán as Gaeilge An Poc ar Buile, Péigín Leitir Móir agus cúpla ceann eile. Bhí scoth na ndamhsóirí agus n-amhránaithe i láthair.

Tháinig an Satharn agus bhí brón ar na daltaí imeacht abhaile go dtí na Clocha Liatha! Thug an grúpa ar fad cuairt ar Theach an Phiarsaigh i Ros Muc. Áit a raibh Pádraig Mac Parais ina chónaí nuair a scríobh sé Forógra na Poblachta don Éirí Amach na Cásca. Bhain na daltaí an-sult as an ionad chultúrtha agus nuair a d’fhill siad ar ais ar an Acadamh bhí siad réidh le dul ar an turas fada ar ais go Cill Mhantáin.
​
Bhí cúpla lá iontach ag na daltaí agus chuir sé iontas orthu cé mhéad Gaeilge a bhí acu. Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an nGaeltacht le píosa fada! 

Comments are closed.

Location

Site Map

ST. DAVID'S HOLY FAITH, SECONDARY SCHOOL,
KIMBERLY ROAD,
GREYSTONES,
CO. WICKLOW.
​A63 AW90

​
>Home
>Our School
>For Students
>For Parents
​>Contact
>Website Privacy Policy

Contact Us

    Contact Us

Submit
  • Home
  • Extension and Refurbishment
  • Our School
  • For Teachers
    • Teacher Login
  • For Parents
    • Policies >
      • Acceptable Use Policy
      • Admissions Policy
      • Anti Bullying Policy
      • Code of Behaviour Policy
      • Child Protection Policy
      • Covid-19
      • Critical Incident Policy
      • Health and Safety Statement
      • Homework Policy
      • Special Education Needs Policy
    • Parents Information (Info Evenings and CBAs)
    • Parent Login
    • Principal's Address
    • Curriculum 2019/2020
    • Whole School Evaluation 2015
    • Booklist 2020/2021
    • School Uniform 2020/2021
    • Academic Calendar 2020/2021
  • For Students
    • Extracurricular
    • Student Council
  • Contact
  • School News
  • Guidance
  • Parents' Association
  • Transition Year
    • Transition Year
    • TY Calendar